Seo Linn with CYO

CYO ar stáitse le 'Seo Linn'

Posted on 20 November 2016

Bígí linn in Halla na Cathrach ar an 10 Nollaig ar 8.00 i.n.

Ceolfhoireann Óige Chorcaí  Ba mhaith linn meabhrú beag a chur chugaibh maidir le ceolchoirm Ceolfhoireann Óige Chorcaí (Cork Youth Orchestra) a bheidh ar siúl ar an 10 Nollaig 2016. Dirím bhur n-aird ar an bhfógra thíos agus bheinn buioch díobh ach é a scaipeadh i measc an phobail agaibse. Is mór againn bhúr dtacaíocht.

Ceolfhoireann Óige Chorcaí Tá an Nollaig ag teacht agus tá Ceolfhoireann Óige Chorcaí i mbun oibre ag ullmhú do cheolchoirm na Nollag . I mbliana is cúis áthais go bhfuil an banna fuinniúil, spleodrach.

'SEO LINN' ar stáitse leo. Tomás McCarthy a bheidh mar stiúrthóir, mar is gnáth agus Evelyn Grant mar Bhean an Tí.

Bígí linn in Halla na Cathrach ar an 10 Nollaig ar 8.00 i.n. Is banna ceoil óg fuinniúil iad Seo Linn agus nasc iontach ina gceol idir an stíl traidisiúnta agus an popcheoil. Tá said i mbéal an phobail ón gcéad uair a nochtaíodh a stíl nua-aimseartha ar YouTube le Coláiste Lurgan.
Cuirfear an scannán

'The Snowman' i láthair ar an 10 Nollaig ar a 12.00 meánlae agus 2.00 i.n. le ceol beo ón gceolfhoireann. Beidh idir óg agus aosta fé dhraíocht ag an gceolfhoireann agus iad i mbun a gcéird. Idir ceol iontach an scannáin, ceol na Nollag agus cuairt speisialta ó SEO LINN is cinnte go bhfuil sár ocáid geallta.

Pro Musica, Siopa Ui Dhrisceoil, Baile an Locha, The Pavilion Garden Centre Ballygarvan, nó ó bhaill an cheoilfhoireann féin.

Bígí Linn agus SEO LINN! Ó Cheolfhoireann Óige Chorcaí (Cork Youth Orchestra)

© Cork Youth Orchestras CLG. 2024
linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram